Suíomhanna
Páirc Chearnóg Mhuirfean







I mbliana cuireann ‘Soilse Geimhridh Bhaile Átha Cliath de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath’ spórtúlacht, soilsiú agus idirghníomhú ar fáil trí shuiteáin soilsithe a siúltar tríothu ag Páirc Chearnóg Mhuirfean, lena n-áirítear Cailéideascóp tumthach.
Athrófar an pháirc stairiúil uirbeach seo ó bhonn arís eile ina siúlóid geimhridh dhraíochta agus beidh rudaí ann a chuirfidh gliondar ar an teaghlach ar fad.
Cuir tús leis an aistear le cupán seacláide te nó pancóg bhlasta sula bhfiosraíonn tú na suiteáin soilsithe agus teilgin ghalánta ar fud na páirce. Beidh na céadta solas LED ag lonrú go geal trí na crainn agus trasna na páirce. Beidh cluichí, deiseanna grianghraf, dealbh sholais agus iontaisí eile romhat sa pháirc.
Ní chosnaíonn ticéid do Pháirc Chearnóg Mhuirfean ach 2 euro an duine fásta agus saor in aisce do bheirt leanaí!
Suíomh: Merrion Square Park, Dublin 2 (Entry via Merrion Square East)