Cathrach Bhaile Átha Cliath
Soilse Geimhridh Bhaile Átha Cliath
bPÁIRC CHEARNÓG MHUIRFEAN 2023

TÁ SOILSE GEIMHRIDH BHAILE ÁTHA CLIATH DE CHUID CHOMHAIRLE CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH I bPÁIRC CHEARNÓG MHUIRFEAN AR AIS!

I mbliana, cuireann Soilse Geimhridh Bhaile Átha Cliath dé chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath beocht sa spraíúlacht, idirghníomhaíocht, teilgean agus i scéalta i bPáirc Chearnóg Mhuirfean aitheanta de chuid Bhaile Átha Cliath.

Le gnéithe soilse nua iontach tríd an bpáirc, tabhair leat do dhaoine muinteartha, do theaghlach agus do chairde le bheith ann i bPáirc Chearnóg Mhuirfean ar dhóigh nach bhfaca tú riamh roimhe í! Lean an draíocht!

Uaireanta oscailte
1 Nollaig go dtí 22 Nollaig
5i.n.-9i.n. (iontrálacha deiridh)

Ticéid
Tá táille áirithinte €2 euro ann in aghaidh an duine fhásta. Tugtar cead isteach do bheirt leanaí le ticéad duine fásta amháin. Tá teorainn ar na ticéid chuig uasmhéid de 4 thicéad do dhuine fásta ag an duine a chuireann in áirithe é.

Amanna feicthe suaimhneacha agus ticéid
Dé hAoine agus Dé Sathairn, agus tráthnóna Dé Domhnaigh 5i.n. go 5.30i.n.
Tá an sliotán ama seo deartha le fáilte a chur roimh dhaoine a bhainfeadh leas as timpeallacht níos suaimhní, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil féiniúlacht éagsúil ó thaobh néareolaíochta de acu. I rith an tsliotáin seo, ní sheinnfear aon cheol, beidh níos mó spáis ag daoine bogadh timpeall agus beidh aonad céadfach ainmnithe ar shiúl ó na soilse agus na fuaimeanna. Le haghaidh níos mó eolais agus fiosrúcháin maidir le ticéid do léirithe suaimhneacha, seol ríomhphost chuig
chuig [email protected]

IR
Skip to content